Comhghairdeas mór leis na hoibrithe deonacha iontacha a chinntigh gur bhliain an-rathúil eile a bhí i 2024 d’Fhine Gall i nGradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.
Agus torthaí na mBailte Slachtmhara fógartha thapaigh Comhairle Contae Fhine Gall an deis buíochas a ghabháil le Coistí iontacha na mBailte Slachtmhara i bhFine Gall agus lena n-oibrithe deonacha as an obair iontach a dhéanann siad chun ár mbailte agus ár sráidbhailte a fheabhsú.
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas a dhéanamh le gach Coiste na mBailte Slachtmhara i bhFine Gall ar éirigh go maith leo arís tar éis torthaí chomórtas na bliana seo a fhógairt ar Dé Luain, 30 Meán Fómhair.