Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall roinnt imeachtaí a fhógairt a thitfidh amach ar fud Fhine Gall i rith Sheachtain na hOidhreachta chun a cheiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht Fhine Gall. Déanann Seachtain Oidhreachta ceiliúradh ar gach rud a bhaineann leis an oidhreacht agus cuirfear tús leis Dé Sathairn, an 17 Lúnasa agus beidh sé ar siúl go dtí an 25 Lúnasa. Tugann sé pobail agus forais chultúir, acadóirí agus díograiseoirí le chéile, chun feasacht a mhúscailt ar luach na hoidhreachta agus tacú lena caomhnú.