Fógraíodh leathnú ar an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne (TOV) agus laghdú ar ráta úis Microfinance Ireland (MFI) D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, leathnú mór ar thacaíochtaí do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu, lena n-áirítear leathnú ar an Scéim TOV agus laghdú ar an ráta úis d’iasachtaí MFI.