News

in
in
25 Feb 2022

Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Oidhreachtaí Coimhlinte scéalta ó Fhine Gall ón ré 1914-1945 a léiriú

Tá Comhairle Oidhreachta Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha ag obair ar thionscadal tábhachtach Oidhreachtaí Coimhlinte agus ba bhreá leo cabhair a fháil uait. Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá clú agus cáil ar chuid de na scéalta agus déantar iad a chomóradh go forleathan, ach tá scéalta eile ann nach bhfuil eolas fúthu ach laistigh de theaghlaigh nó de phobail. Is tionscnamh é Oidhreachtaí Coimhlinte i bhFine Gall 1914-1945 a dhéanann iarracht na scéalta sin a léiriú agus a roinnt.  

23 Feb 2022
arts

Fóram Aoine Fhine Gall 2022

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Fóram Aoine Fhine Gall ar ais, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin.

21 Feb 2022
ANCA

Tuarascáil Bhliantúil an ÚITA 2021

D’fhoilsigh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a dtuarascáil bhliantúil don bhliain 2021. Sonraítear sa tuarascáil gníomhaíochtaí rialála agus maoirseachta an údaráis maidir le bainistiú torann aerárthaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn 2021

01 Feb 2022
St Patrick's Day

Fine Gall ag Súil le paráid Lá Fhéile Pádraig

I ndiaidh fhógairt an dea-scéala go raibh deireadh le formhór shrianta Covid-19, dheimhnigh Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuiltear réidh le paráid bhliantúil Lá Fhéile Pádraig a thabhairt chun beochta ar shráideanna Fhine Gall arís tar éis sos dhá bhliain.

31 Jan 2022
arts

Coimisiún Ealaíne Poiblí Nua in Na Bruacha, Baile Brigín

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil críoch curtha le saothar ealaíne poiblí nua do Bhaile Brigín. Is é an t-ealaíontóir de bhunadh Fhine Gall, Sean Molloy atá freagrach as an saothar dar teideal “The Banks” atá suite ag suíomh feiceálach cósta sa bhaile den ainm céanna.