News

in
in
13 Oct 2020
Airport

Dea-scéal do Fhine Gall i dtuarascáil Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL)

Bhí dea-scéal ann do Fhine Gall sa tuarascáil is déanaí de Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL) a eisíodh mar a rangaíodh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird sa 13ú háit as 40 baile/cathair a ndearnadh suirbhé orthu ag ardú 6 áit ón suirbhé deireanach agus ag coinneáil stádas Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin na hEorpa.

13 Oct 2020
Sport

Nochtann Fine Gall Scoil Barr Feabhais Cruiciéid nua

Tá pobal Fhine Gall tar éis teacht le chéile chun fiontar nua a sheoladh ‘Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall’ chun imreoirí club paiseanta áitiúla faoi 11 agus faoi 13 a chumasú chun cláir chóitseála cruicéid lasmuigh a reáchtáiltear ag Club Cruicéid Bhaile Brigín a dhéanamh.

12 Oct 2020

Impí ar Bhaile Átha Cliathaigh chun iarracht níos mó a dhéanamh chun moill a chur ar scaipeadh COVID-19

D’eisigh ceannairí cheithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Garda Síochána comhimpí inniu do shaoránaigh chun iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun moill a chur ar scaipeadh COVID-19 agus chun oibriú le chéile chun Baile Átha Cliath a ísliú anuas go dtí Leibhéal 1 i gCreat Náisiúnta an Rialtais um Maireachtáil le COVID.

05 Oct 2020
Coastal Erosion

Cáineann an Chomhairle baint cosaintí creimthe cósta ag Port Reachrann

Cáineann Comhairle Contae Fhine Gall baint cuid den chóras cosanta creimthe ag Trá an Choinicéir, Port Reachtann, ag daoine aonair anaithnide thar an deireadh seahtaine agus tá iontas uirthi faoin damáiste meargánta a rinneadh don chóras duimhche i limistéar atá íogair i dtaobh an chomhshaoil agus atá ainmnithe mar Cheantar Cosanta Speisialta.

02 Oct 2020
Tree Strategy

Seoladh “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall”:

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”. Tá an Dréacht-Straitéis anois ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil a thosaigh ar Lá Náisiúnta na gCrann 2020 ar 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.

30 Sep 2020
Malahide

An tSráid Nua, Mullach Íde

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin leanúnach, tá togra malartach forbartha ag Comhairle Contae Fhine Gall a chruthaíonn comhréiteach idir cuid mhaith den tsaoráid choisithe fheabhsaithe agus an réimse poiblí a choinneáil agus áiseanna rothaithe, carrbhealach aonbhealaigh amháin, agus spás le haghaidh fágála, lódáil agus páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas