Oibreacha mar chuid de Scéim Soláthair Uisce Mhullach Íde 24 Márta

D’fhéadfadh cur isteach ar an soláthar tarlú amárach idir 9rn agus 5in, Dé Céadaoin an 24 Márta.

Irish water

Tá Uisce Éireann ag dul ar aghaidh le hoibreacha mar chuid de Scéim Soláthair Uisce Mhullach Íde ag cosaint an tsoláthair uisce do thithe agus do ghnóanna i Mullach Íde

(23 Márta 2021) Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le hoibreacha ag Timpeallán Bhóthar Mhullach Íde / Bhealach Mountgorry mar chuid de scéim soláthair uisce Mhullach Íde d’fhonn an soláthar uisce do thithe agus do ghnóanna i Mullach Íde agus na ceantair máguaird a chosaint. Tá na hoibreacha á seachadadh de réir chomhairle reatha an rialtais agus comhairle FSS ar Covid-19.  

D’fhéadfadh cur isteach ar an soláthar tarlú amárach idir 9rn agus 5in, Dé Céadaoin an 24 Márta.

Déanfaidh Uisce Éireann agus Fine Gall an líonra a athchumrú chun an tionchar ar thithe agus ar ghnó a íoslaghdú. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag brú uisce níos ísle ná mar is gnáth ar chustaiméirí sna ceantair seo a leanas:

Bóthar Shoird go Mullach Íde; Eastát Ashley ar fad; Lána an tSéipéil; Lána Uí Chlúmháin; Mount Gorry; Paróiste San Werburgh; Eastát Chois Farraige ar fad; Ionad Fiontraíochta Dhraighneáin; Eastát Lios an Daill ar fad; Na Beanna Bána; Dún Ard; Chamley; Eastát Seabury ar fad; Mulláin an Chaisleáin; Mainéar an Bhairínigh; Eastát Gainsborough ar fad; Eastát an Chillín; Eastát an Talbóidigh; Eastát agus Bóthar Radharc an Mhuilinn; Eastát agus Plásóga Gaybrook; Abington; Roschoill Lawson; Bóthar Bhaile Átha Cliath Mullach Íde ó Bhóthar Shoird go dtí An Cúlbhóthar; An Cúlbhóthar ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath go Droichead an Iarnróid; Ard Na Mara ar fad; Bóthar na Mara; The Heaven; Bóthar na mBallaí Buí; Lána Texas; Chalfont; Sonesta; Inbhear Íde; Trá an Bhiséadaigh; Bóthar agus Cúirt Dhraighneáin; Coill an tSionnaigh; Eastát Milesian; Páirc Ghnó Fhaoldroma; Eastát an Tobair Naofa ar fad; Bóthar Fhaoldroma ar fad; Eastát Dhraighneáin ar fad; Eastát Dhraighneáin ar fad; Eastát an Mhuilinn; Lána Mhic Coitil; Ardán an Ruiséalaigh; Lána Bhaile an tSrutháin; Eastát Bhaile an tSrutháin ar fad; Lána Uí Chiara; Lóiste Clairville agus Garrán Auburn. 

Is oth le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall aon mhíchaoithiúlacht a chruthaítear. Tá ár líne chabhrach cúram custaiméirí oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméiri teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare le haon cheist. Le haghaidh nuashonruithe téigh chuig https://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/