Seachtain Réthaistil na hEorpa

Logo european mobility week 2023

Beidh Seachtain Réthaistil na hEorpa ar siúl ón 16 go dtí an 22 Meán Fómhair 2023 agus beidh a lán imeachtaí spreagúla ar siúl ar fud na hÉireann a dhéanfaidh ceiliúradh ar thurais saor ó ghluaisteáin, ar rochtain do chách agus ar thaisteal gníomhach! Féach ar imeachtaí Fhine Gall thíos.

Blanchardstown Wander and Talk event poster

Dé Domhnaigh an 17 Meán Fómhair

Cuireann Bailte Slachtmhara Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir ‘Tolka Valley Wander and Talk’ i láthair

Siúlóidí treoraithe saor in aisce chun iniúchadh a dhéanamh ar an seoid áitiúil seo atá i bhfolach ar an saol!

An chéad siúlóid ag 2pm - Oiriúnach don teaghlach, don réthaisteal agus do mhadraí. Siúl timpeall Loch an Choireáin, féach ar na plandaí agus an dúlra anseo. Thart ar 1.5km. Beidh luibheolaí ar an tsiúlóid, chun saol na bplandaí agus an bhithéagsúlacht sa pháirc a phlé.

An Dara Siúlóid ag 3.15pm - Tír-raon míchothrom, níl inrochtana do chách. Leanann bealach gan mhilleadh feadh abhainn na Tulchann, ag dul thar easanna. Pléifidh luibheolaí saol na bplandaí agus an bhithéagsúlacht sa pháirc.

Cuir d'áit in áirithe ag https://www.eventbrite.co.uk/e/tolka-valley-wander-and-talk-tickets-714… 

Malahide Walk to School Day Monday 18 September

Dé Luain an 18 Meán Fómhair

Lá Siúil chun na Scoile Mhullach Íde

Tá ionad coinní sannta do gach scoil inar féidir le daltaí teacht le chéile an mhaidin sin. Casfaidh Comhaltaí d'Fhoireann Taistil Ghníomhaigh Fhine Gall leo a threoróidh siúlóid ghrúpa chun na Scoile. Tugtar breac-chuntas ar na hionaid choinní thíos

St Sylvesters Infant School
Ionad Coinní 1 – Carrchlós Bridgefield
Ionad Coinní 2 – Ollmhargadh Londis Bóthar na mBallaí Buí

St Andrews NS
Ionad Coinní 1 – An tSráid Nua
Ionad Coinní 2 – Carrchlós Bridgefield

Saint Oliver Plunketts NS
Ionad Coinní 1 – Carrchlós an Chúlbhóthair Caisleán Mhullach Íde
Ionad Coinní 2 – Carrchlós Bridgefield

Pope John Paul II
Ionad Coinní 1 – Clós Súgartha Pháirc Seabury
Ionad Coinní 2 – Ollmhargadh Londis Bóthar na mBallaí Buí

Cycling without age St catherines training session

Dé Luain an 18 Meán Fómhair

Seisiún Oiliúna Píolótach Rothaíocht Gan Aois - Páirc San Caitríona

Tá an Tionscnamh Rothaíocht Gan Aois gníomhach sna Sceirí, i bPáirc San Caitríona agus i Seantrabh agus ag teacht gan mhoill go Baile Dúill. Táimid ag lorg Píolótaí Deonacha chun cabhrú le húsáideoirí seirbhíse a thabhairt ar bhabhta rothaíochta fóillíochta timpeall an cheantair is rogha leat. Táimid ag lorg go sonrach daoine a bhféadfadh níos mó infhaighteachta a bheith acu i lár na seachtaine i rith an lae, ach ba mhór againn cibé am is féidir leat a thabhairt 

Beidh ár gcéad Seisiún Oiliúna Píolótach eile á reáchtáil againn i bPáirc San Caitríona, Leamhcán - Dé Luain an 18 Meán Fómhair - 4pm - 6pm 

Anseo rachaimid trí oibríochtaí bunúsacha an Trishaw agus tabharfaimid seans duit taithí a fháil an áis réthaistil iontach seo. 

CLÁRAIGH ag  Cycling Without Age - Volunteer Pilot Expression of Interest Form (office.com)

Flyer for walking and cycling bus meeting

Dé Céadaoin an 20 Meán Fómhair

Seisiún Eolais faoin Bhus Siúil & Rothaíochta

Tá cruinniú eolais ar líne á reáchtáil againn d'éinne a bhfuil suim acu Bus Siúil nó Rothaíochta a chur ar bun do do scoil. Cláraigh anois lena chur in iúl dúinn gur mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi roghanna do do scoil. 

Cathain: Dé Céadaoin an 20 Meán Fómhair 
Am: 6:30 pm - 7pm 
Cá háit: Tionólfar an Cruinniú ar líne. Chun an nasc freastail a fháil cliceáil anseo le do thoil agus comhlánaigh an fhoirm: Busanna Siúil & Rothaíochta - Foirm Léirithe Spéise (office.com)

Mar chuid de Straitéis Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Contae Fhine Gall táimid ag tacú le Scoileanna agus le Pobail Busanna Siúil agus/nó Rothaíochta a chur ar bun ina gceantar. 

Cycling without age flyer

Déardaoin an 21 Meán Fómhair

Imeacht Oscailte Rothaíocht Gan Aois

An bhfuil suim agat triail a bhaint as an trishaw? 

Tá an Tionscnamh Rothaíocht Gan Aois gníomhach sna Sceirí, i bPáirc San Caitríona agus i Seantrabh agus ag teacht gan mhoill go Baile Dúill. Táimid ag lorg Píolótaí Deonacha chun cabhrú le húsáideoirí seirbhíse a thabhairt ar bhabhta rothaíochta fóillíochta timpeall an cheantair is rogha leat. Cláraigh agus buail isteach chun bualadh leis an bhfoireann ó 12 meán lae go 2pm i Racecourse Park i mBaile Dúill. 

CLÁRAIGH https://forms.office.com/pages/responsepage.aspx?id=I_zccnF1lEWBVK_iwL3qmD3CgKdKQcRNhLyxnPyAx65UNTQ5MzVJSlNVSTBLS1BEWDNRSUhOUk80NS4u&origin=QRCode

2023 bike disco banner image

Bike Disco 2022

Dé hAoine an 22 Meán Fómhair

Dioscó Rothar

Bígí linn ar an Aoine an 22 Meán Fómhair le haghaidh dioscó rothar chun Lá Saor ó Charranna agus Oíche Chultúir araon a cheiliúradh!

Tá an babhta rothaíochta 5km saor in aisce seo oscailte do gach aois, cumas & cineál rothar! Beidh an bealach go hiomlán saor ó charranna, mar sin is deis iontach do dhuine ar bith a bhfuil rothar aige páirt a ghlacadh.

Moltar do na rannpháirtithe a gcuid rothar, clogaid agus feisteas a lasadh agus a mhaisiú chun an ócáid a dhéanamh chomh ildaite agus is féidir!

Beidh stáisiún maisiúcháin rothar á óstáil ag ReCreate ó 7pm le pacáistí maisiúcháin rothar saor in aisce lena n-áirítear bratacha féile agus soilse atá ar fáil ar an oíche don chéad 150 rannpháirtí.

Tosaíonn an babhta rothaíochta ag 8pm agus fágann sé ó Thimpeallán an Fhionnuisce ag Ascaill Chesterfield.

Tá an ócáid seo á heagrú ag Comhairle Contae Fhine Gall, Oifig na nOibreacha Poiblí, Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Fingal supports Make Way Day 2019

Dé hAoine an 22 Meán Fómhair

Lá 'Fág an Bealach' 2023

Tá Lá 'Fág an Bealach' ar ais do 2023 laistigh de Sheachtain Réthaistil an AE. Is lá speisialta é seo chun aitheantas a thabhairt don deacracht a bhíonn go minic ag daoine faoi mhíchumas agus an bealach a fhágáil ar ár sráideanna do dhaoine faoi mhíchumas. 

https://www.makewayday.com/ 

Channel Road rush with children playing on it

Dé hAoine an 22 Meán Fómhair

Imeacht Lá Shráid na Scoileanna sa Ros don Lá Domhanda Saor ó Charranna

Lá Shráid na Scoileanna ar Bhóthar an Chainéil sa Ros do dhaltaí Scoil Náisiúnta an Rois. Bainfidh na páistí taitneamh as spás breise chun cluichí cosúil le cleas na bacóide, scipeáil, babhláil srl a imirt. Beidh an ócáid ar siúl ó 9:30am go 2pm. Cuirfidh an eagraíocht inbhuanaitheachta comhshaoil Recreate cluichí ar fáil, agus úsáidfidh siad ábhair uaschúrsáilte.

I rith an ama seo beidh Bóthar an Chainéil dúnta óna acomhal le Bruach an Mhuilinn go dtí a acomhal le Bóthar an Ghainimh/Bóthar an Ghailf. Beidh malairtí slí i bhfeidhm agus moltar dóibh siúd atá ag taisteal sa cheantar áitiúil am breise a thabhairt dá dturas.

Free trip friday ebike and bike rental free in apps on friday 22 september

Dé hAoine an 22 Meán Fómhair

Turais Roinnte Rothar saor in aisce don Lá Domhanda Saor ó Charranna!

Déan ceiliúradh ar Lá Domhanda Saor ó Charranna linn agus faigh amach faoi roinnt rothar.

An 22 Meán Fómhair, tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall turas roinnte rothar 40 nóiméad SAOR IN AISCE a thairiscint ar aon rothar Bleeper nó Tier - éasca le rochtain. Bain taitneamh as an aer úr agus as an tsaoirse, gan aon tranglam tráchta nó fadhbanna páirceála.

Íoslódáil na haipeanna Bleeper agus Tier, chun do thuras in aisce a chlárú agus a dhíghlasáil Dé hAoine an 22 Meán Fómhair.

Cuir an 22 Meán Fómhair i d'fhéilire agus déan an rogha chliste do d'fholláine agus don domhan.

#WorldCarFreeDay #MobilityWeek