An-tóir ar shiúlóidí Operation Transformation i bhFine Gall arís i mbliana
Ba é seo an chéad bhliain ar reáchtáladh siúlóid i bPáirc Bhaile an Tirialaigh agus bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, agus an Méara Gníomhach, an Comhairleoir Freddie Cooper, i measc an tslua a ghlac páirt sa tsiúlóid seo. Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien ag tús an tslua ag an tsiúlóid cois cósta i mBaile Brigín feadh na trá chomh fada le Caisleán Bhrí Mhór.