Is tionscnamh é Seachtain Chuimsithe Fhine Gall 2022 faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall (an PPN).
Thart ar 100 imeacht á reáchtáil ar fud Chontae Fhine Gall idir Dé Luain an 14 Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 20 Samhain. Tá gach uile imeacht de chuid Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall saor in aisce agus oscailte do chách.
Téigh chuig https://fingalppn.ie/fingalinclusionweek/ le haghaidh tuilleadh eolais.
Ghlac cúig scoil déag ó cheantar Bhaile Átha Cliath 15 páirt i gCorn Ómóis Futsal na mBunscoileanna de chuid FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall i Lárionad Spóirt na Coirre Duibhe Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair.
Tá tionscadal píolótach nuálach seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun aird a tharraingt ar ghuthanna nach gcloistear go traidisiúnta tríd an aip fóin chliste Fingal Voices.
I ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall le sláinte custaiméirí a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar orthu a chosaint.
Tá Dámhachtain Seaimpín Right to Read bronnta ar Leabharlanna Fhine Gall mar aitheantas ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun acu tacú le forbairt na litearthachta tríd an tseirbhís leabharlainne.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le mí na hAthúsáide an Deireadh Fómhair seo. Tugann mí na hAthúsáide deis dúinn a bheith cruthaitheach maidir lenár smaointeoireacht agus deiseanna a aithint chun ábhair a athúsáid a bhféadfadh fáil réidh leo murach sin.
Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur seoladh Cath na Leabhar sa Séipéal ag Caisleán Shoird ar maidin, Dé Céadaoin, an 16 Deireadh Fómhair.
Tá cead pleanála á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun 11 theaghais a thógáil ag Bóthar Ráth Béil, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.
San áireamh san fhorbairt bheartaithe beidh ceithre árasán aon seomra leapa amháin do bheirt, dhá árasán dhá sheomra leapa do thriúr, dhá árasán dhá sheomra leapa do cheathrar, agus trí árasán trí sheomra do chúigear.