Ghlac cúig scoil déag ó cheantar Bhaile Átha Cliath 15 páirt i gCorn Ómóis Futsal na mBunscoileanna de chuid FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall i Lárionad Spóirt na Coirre Duibhe Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair.
I ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall le sláinte custaiméirí a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar orthu a chosaint.
Tá Dámhachtain Seaimpín Right to Read bronnta ar Leabharlanna Fhine Gall mar aitheantas ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun acu tacú le forbairt na litearthachta tríd an tseirbhís leabharlainne.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le mí na hAthúsáide an Deireadh Fómhair seo. Tugann mí na hAthúsáide deis dúinn a bheith cruthaitheach maidir lenár smaointeoireacht agus deiseanna a aithint chun ábhair a athúsáid a bhféadfadh fáil réidh leo murach sin.
Tá Ionad Pobail Bhaile Lotrail oscailte go hoifigiúil. Is áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach é, a fheidhmeoidh mar chroílár do chónaitheoirí agus d’eagraíochtaí áitiúla.
Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur seoladh Cath na Leabhar sa Séipéal ag Caisleán Shoird ar maidin, Dé Céadaoin, an 16 Deireadh Fómhair.
Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall ó chónaitheoirí Fhine Gall ar na laethanta seo a leanas:-
Dé Máirt, an 22 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin, an 23 Deireadh Fómhair 2019
Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin, an 30 Deireadh Fómhair 2019
Tá lúcháir ar leabharlanna Fhine Gall a bheith ag obair le hAoisbhá Éireann agus leabharlanna eile ar fud an chontae chun forbairt a dhéanamh ar ár leabharlanna ar bhealach atá báúil le haois. Sheol an tAire Michael Ring, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Clár Náisiúnta Aitheantais do Leabharlanna Aoisbháúla i mBaile Átha Cliath go hoifigiúil inniu.
Thug Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht le dhá údarás áitiúla eile agus Aoisbhá Éireann, faoi chlár píolótach leis an táibléad ACORN le ball de na Comhairlí do Sheandaoine. Seolfaidh an tAire Ring torthaí an tionscadail phíolótaigh ACORN go hoifigiúil inniu.