Tá ceithre údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath i ndiaidh comhoibriú lena chéile chun am sonrach a ainmniú do dhaoine leochaileacha ar mian leo a bheith i mbun aclaíochta ina bpáirceanna áitiúla.
B’fhéidir nach bhfuil Ionad Faisnéise Europe Direct ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar oscailt go fisiciúil faoi láthair ach ní chiallaíonn sin go bhfuil laghdú tagtha ar ghníomhaíocht. Ar nós go leor ranna ag Comhairle Contae Fhine Gall, aistríodh go leor den obair a dhéanann foireann na leabharlainne ar líne.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun deireadh seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine a cheiliúradh le sceideal iomlán gníomhaíochtaí ar líne don teaghlach ar fad.
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le scéimeanna moillithe tráchta atá beartaithe a rolladh amach ar fud Fhine Gall.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag féachaint lena chinntiú go bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun an córas pleanála a choinneáil ar siúl ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir i gcomhthéacs na comhairle sláinte poiblí is deireanaí le linn na hÉigeandála seo COVID-19.
I bhfianaise staid COVID-19 agus na bhfógraí a rinne an Rialtas le déanaí maidir le bearta atá á nglacadh chun leathadh Covid-19 a chomhrac, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl do thionóntaí HAP, chun leanúnachas tionóntachtaí HAP a chinntiú: