Blanchardstown

22 Jan 2020
Theatre

Moon Woke Me Up

Dhúisigh an ghealach ní n-uaire mé. Ní raibh sé ach 4 a chloig ar maidin.
Mar sin, thóg mé roicéad le mo chairde. Agus chuamar ar turas nach mbeidh deireadh leis.
Tar linn. Tar agus bí ag spraoi linn. Tar agus tóg roicéad linn a éireoidh ó thalamh DE PHLÉASC agus a thógfaidh muid ar thuras draíochtach go dtí an ghealach. An bealach ar fad, go hard sa spéir, sa spás amuigh.
Meas tú an bhfuil boladh cáise uaithi? Meas tú an ndéanfaidh mé sraoth mar gheall uirthi? Gheobhaimis amach!

21 Jan 2020
Theatre

Féile Thallann Chúil Mhín 2020

Tá daltaí Scoil Phobail Chúil Mhín ar ais agus is cinnte go gcuirfidh siad siamsaíocht ar fáil daoibh arís an séasúr seo. Rachaidh a gcumais cheoil, damhsa agus drámaíochta go mór i gcion ort. Seo í an 19ú bliain a chuir Scoil Phobail Chúil Mhín an Fhéile Tallainne ar siúl i nDraíocht agus níor cheart cailleadh amach ar an oíche, is cosúil. Tá ticéid ar fáil ó Oifig Ticéad Dhraíocht (ní ón Scoil).
 

08 Jan 2020
Theatre

Robin Hood, An Gheamaireacht - Léiriú Suaimhneach

Tá Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín ar ais le leagan geamaireachta an fhinscéil Robin Hood don teaghlach ar fad. Glac páirt sa spraoi fad a théann An Ridire Robin de Locksley agus a mháthair, An Bhantiarna Rose Bud, chun troda le claimhte agus saigheada i gcoinne Shirriam Nothingdoing, An Ridire Guy Stirling. An féidir leis an Ridire Robin Maid Marian a tharrtháil ón Sirriam olc?

04 Jan 2020
Theatre

Robin Hood, An Gheamaireacht

Tá Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín ar ais le leagan geamaireachta an fhinscéil Robin Hood don teaghlach ar fad. Glac páirt sa spraoi fad a théann An Ridire Robin de Locksley agus a mháthair, An Bhantiarna Rose Bud, chun troda le claimhte agus saigheada i gcoinne Shirriam Nothingdoing, An Ridire Guy Stirling. An féidir leis an Ridire Robin Maid Marian a tharrtháil ón Sirriam olc?

05 Dec 2019
community

Aitheantas tugtha do Mhórtas Ceantair Bhaile an Phléimeannaigh, Bhaile Brigín agus Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15

D’éirigh thar barr le Fine Gall ag Gradaim Mhórtas Ceantair IPB nuair a bronnadh an gradam don ‘Chomharsanacht Uirbeach is Fearr’ ar Bhaile an Phléimeannaigh, Baile Brigín agus ba iad cónaitheoirí Eastát Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15 a fuair an dara duais sa chatagóir ‘Eastát Tithíochta is Fearr’ ag searmanas na nGradam i gCill Chainnigh ar thráthnóna Dé Sathairn.