Search
411 - 420 of 3042 results
Maoiniú na bliana 2024 le haghaidh oibreacha caomhantais agus deisiúcháin i bhFine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh anois d’iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2024 ar thionscadail deisiúcháin nó chaomhnaithe ar scála beag, meánach nó mór ar Struchtúir Chosanta agus, i gcásanna áirithe, ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantas na hAiltireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. Sé DÉ hAOINE an 19 EANÁIR 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil.
Suirbhé Chomhairle Contae Fhine Gall agus Chompántas Damhsa Óige Bhaile Átha Cliath
Tugann Comhairle Contae Fhine Gall agus Compántas Damhsa Óige Bhaile Átha Cliath cuireadh do dhamhsóirí óga agus do dhíograiseoirí damhsa cur le suirbhé a bhfuil sé mar aidhm aige rannpháirtíocht rince na n-óg i bhFine Gall a mhapáil.
Fine Gall i bhfócas ag Comhdháil Bhliantúil na Turasóireachta Eachtraíochta na bliana seo
Tá Cumann Turasóireachta Eachtraíochta na hÉireann (CTEÉ) ag ullmhú chun a gcúigiú comhdháil bhliantúil a bhfuiltear ag súil leis a óstáil a dhíreoidh i mbliana ar ghníomhaíochtaí atá ar fáil ar fud réigiún Fhine Gall i gContae Bhaile Átha Cliath.
Fáiltítear roimh meadú ar bhuiséad Fhine Gall
Nuair a ghlactar le Buiséad 2024, cuirfear €28.1 milliún breise ar fáil as sin a fuarthas sa bhuiséad do 2023.
Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 – #TabhairCuireadhÁirighBíPáirteach
Is tionscnamh é Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 atá á stiúradh ag Comhairle Contae Fhine Gall, Oifig Imeasctha Chomhairle Contae Fhine Gall. Is é 2023 an cúigiú bliain de Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall. Beidh thart ar 70 imeacht ar siúl ar fud Chontae Fhine Gall ó Luan an 13ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 19ú Samhain. Tá imeachtaí uile Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall saor in aisce le freastal orthu agus oscailte do chách.
Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall Scéim Mhaoiniú Féilte agus Imeachtaí don Bhliain 2024
Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús lena Scéim Mhaoinithe um Fhéilte agus Imeachtaí do 2024 a fhógairt. Sí aidhm an tionscnaimh seo ná grúpaí agus eagraíochtaí a spreagadh chun a gcuid imeachtaí atá le teacht a óstáil i bhFine Gall, ag tógáil ar rath na mblianta go dtí seo agus ag cothú rannpháirtíocht an phobail agus na turasóireacht laistigh den réigiún.
Tuarascáil na Sceirí Foilsithe Tar Éis Comhairliúcháin Faoin bPlean Taistil Ghníomhaigh
D'fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall tuarascáil a léiríonn mionthorthaí an chomhairliúcháin faoi Phlean Taistil Gníomhach na Sceirí. Leagann an plean amach sraith cuspóirí i leith feabhsú dhéanamh ar an Taisteal Gníomhach sa bhaile.