D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton TD, in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Iompair, níos luaithe an tseachtain seo go mbeidh 5 scoil bhreise i bhFine Gall san áireamh i gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile.
D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, Leabhar Comhbhróin do shaoránaigh ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir an tSaighdiúra Shingil Séan Rooney, a fuair bás le déanaí agus é i mbun dualgais síochánaíochta ar son na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.
Forbairt beartaithe i leith 6 áitreabh aon stóir ag Baile Gháire. Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ón Dé Luain an 19 Nollaig 2022 agus ní mór á bhfáil roimh 11:59in Dé hAoine an 10 Feabhra 2023.
Forbairt tithíochta bheartaithe ag Uimh. 30 agus 32 An tSráid Thuaidh, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, aighneachtaí nó tuairimí ina leith le fáil roimh 11:59in Dé hAoine an 10 Feabhra 2023.
Roimh an lá náisiúnta ‘Bí Sábháilte, Bí Feicthe’ a bheidh ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 21 Nollaig, tá Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht leis an Údarás um Sábháilteacht ar Bhóithre agus An Garda Síochána ag meabhrú do thiománaithe, do choisithe agus do rothaithe a bheith cúramach ar na bóithre .
Tá breis is 600 km de bhóithre leagtha le grean ag Comhairle Contae Fhine Gall thar oíche le linn na haimsire fuara reatha. Léiríonn sé seo leath dár ngréasán bóithre iomlán. Tá thart ar 4,600 Tona salainn bóthair ar fáil do Gheimhreadh 2022/2023 agus tá sé seo stóráilte ag an dá shaoráid atá againn i gCúil Mhín (Baile Átha Cliath 15) agus Lána Uisce (Sord).
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur i gcuimhne don phobal go bhfuil an deis acu suas go dtí Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023 seiceáil agus aighneachtaí a dhéanamh ar na dréachtléarscáileanna a thaispeánann na tailte siúd i bhFine Gall a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na Cánach nua ar Thalamh Criosú Cónaithe.
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD faoin iarratas rathúil ar mhaoiniú mór chun cabhrú le huasghrádú na n-áiseanna ag Ionad Pobail Bhaile Hart.
Déanann Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas ó chroí leis an mbabhlálaí uaime deaslámhach de chuid Chlub Cruicéid Bhaile Brigín, Aadi Wankhade, ar bronnadh an gradam ‘Find a Fast Bowler’ de chuid Cruicéid Laighean do 2022 air.