News

in
in
22 Oct 2020
ReStart Grant

Eolas tábhachtach maidir leis na scéimeanna Deontais Atosaithe agus Deontas Atosaithe Móide

Dúnfaidh an Scéim Deontais Atosaithe Móide, lena n-áirítear na híocaíochtaí breise a chuirtear i bhfeidhm ar fud na tíre agus i gcontaetha áirithe, ó mheán oíche Dé Sathairn an 31ú Deireadh Fómhair.  Bunaíodh Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) nua mar chuid de Bhuiséad 2021 ar an 13ú Deireadh Fómhair 2020 agus tá sí á feidhmiú ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. 

 

21 Oct 2020
events

FÓGRAÍONN COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL IMEACHTAÍ OÍCHE SHAMHNA MALARTACHA

Mar gheall ar Fhéile na Lasrach bliantúil a bheith curtha siar i bhfianaise na srianta leanúnacha mar gheall ar phaindéim Covid-19,tá clár imeachtaí spreagúla, spraíúla agus diamhara curtha le chéile ag Comhairle Contae Fhine Gall d’Oíche Shamhna agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé siamsaíocht ar fáil do d’amhailtí agus do chailleacha beaga!

20 Oct 2020
Halloween Amnesty

Amnesty Oíche Shamhna Bliantúil ag Ionaid Athchúrsála 2020

Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid 7rl) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall do chónaitheoirí Fhine Gall ón gCéadaoin, 21 Deireadh Fómhair go dtí an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, seachas an Domhnach agus Saoire Bainc.

15 Oct 2020
Fingal Sports

Corn Measa Fíorúil Ag Glaoch ar Gach Bunscoil i mBaile Átha Cliath 15

Deir daoine áirithe gur ealaín í an pheil, ach an uair seo tá an ceart acu!

Bhí tionchar nach beag ag Covid-19 ar chluichí peile ar fud an chontae ach níor chuir sé sin stad leis an FAI agus Comhairle Contae Fhine Gall leanúint ar aghaidh ag idirghníomhú le scoileanna chun meas a chur chun cinn ag úsáid peile agus ealaíne mar uirlis sa ‘Corn Measa Fíorúil’.  

 

13 Oct 2020
Airport

Dea-scéal do Fhine Gall i dtuarascáil Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL)

Bhí dea-scéal ann do Fhine Gall sa tuarascáil is déanaí de Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL) a eisíodh mar a rangaíodh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird sa 13ú háit as 40 baile/cathair a ndearnadh suirbhé orthu ag ardú 6 áit ón suirbhé deireanach agus ag coinneáil stádas Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin na hEorpa.

13 Oct 2020
Sport

Nochtann Fine Gall Scoil Barr Feabhais Cruiciéid nua

Tá pobal Fhine Gall tar éis teacht le chéile chun fiontar nua a sheoladh ‘Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall’ chun imreoirí club paiseanta áitiúla faoi 11 agus faoi 13 a chumasú chun cláir chóitseála cruicéid lasmuigh a reáchtáiltear ag Club Cruicéid Bhaile Brigín a dhéanamh.