Oidhreacht ón mBaile: Suíomh taighde nach bhfuil an oiread sin aithne air, ar féidir leat tráthnóna a chaitheamh ag breathnú air, é TARA, nó Cartlann Rochtain ar Thaighde Choláiste na Tríonóide, http://www.tara.tcd.ie/Is stór rochtain oscailte é TARA agus níl an rochtain teoranta ach in imthosca dosheachanta, e.g. sa chás go bhfuil srianta cóipchirt foilsitheora i réim. I measc an iliomad bailiúchán tá bailiúchán an Oll. Edwin C. Rae, Ollamh le Stair na hEalaíne in Ollscoil Illinois, Champagne-Urbana.