Seoladh Leabhair an Údair Gerard Ronan, as Domhnach Bat
Tá Gerard Ronan, údar roinnt leabhar bunaithe ar ghnéithe de stair áitiúil Fhine Gall, go háirithe ceantar Phort Reachrann, díreach tar éis a dá leabhar is déanaí a fhoilsiú. Foilsíodh na leabhair seo le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus rinne Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comh. Cathal Boland an dá theideal nua seo a sheoladh.