Daingníonn Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a fhorbairt
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, maoiniú de €2.6 milliún le déanaí go gach údarás áitiúil ar fud na tíre chun na chéad Phleananna Lár an Bhaile riamh a sholáthar. Tá Lusca i measc ná 26 baile a roghnaíodh agus tá maoiniú de €100,000 daingnithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun tacú le máistirphlean uathúil a fhorbairt don bhaile.