News

in
in
28 Feb 2022

Glac páirt i mbliana chun éachtaí na mban a Cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 ar ár n-ardáin dhigiteacha go léir agus i sraith d’imeachtaí pearsanta. Beidh Oifig Pobail agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag óstáil réimse de thionscnaimh ar fud Fhine Gall chun éachtaí na mban a cheiliúradh agus aird a dhíriú orthu, agus ag an am céanna an neamh-chomhionannas inscne a cháineadh.

25 Feb 2022

Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Oidhreachtaí Coimhlinte scéalta ó Fhine Gall ón ré 1914-1945 a léiriú

Tá Comhairle Oidhreachta Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha ag obair ar thionscadal tábhachtach Oidhreachtaí Coimhlinte agus ba bhreá leo cabhair a fháil uait. Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá clú agus cáil ar chuid de na scéalta agus déantar iad a chomóradh go forleathan, ach tá scéalta eile ann nach bhfuil eolas fúthu ach laistigh de theaghlaigh nó de phobail. Is tionscnamh é Oidhreachtaí Coimhlinte i bhFine Gall 1914-1945 a dhéanann iarracht na scéalta sin a léiriú agus a roinnt.  

23 Feb 2022
arts

Fóram Aoine Fhine Gall 2022

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Fóram Aoine Fhine Gall ar ais, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin.

01 Feb 2022
St Patrick's Day

Fine Gall ag Súil le paráid Lá Fhéile Pádraig

I ndiaidh fhógairt an dea-scéala go raibh deireadh le formhór shrianta Covid-19, dheimhnigh Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuiltear réidh le paráid bhliantúil Lá Fhéile Pádraig a thabhairt chun beochta ar shráideanna Fhine Gall arís tar éis sos dhá bhliain.

31 Jan 2022
arts

Coimisiún Ealaíne Poiblí Nua in Na Bruacha, Baile Brigín

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil críoch curtha le saothar ealaíne poiblí nua do Bhaile Brigín. Is é an t-ealaíontóir de bhunadh Fhine Gall, Sean Molloy atá freagrach as an saothar dar teideal “The Banks” atá suite ag suíomh feiceálach cósta sa bhaile den ainm céanna.