Tháinig ESB agus Comhairle Contae Fhine Gall le chéile an tseachtain seo chun treoirthionscadal Rothar leictreach an ESB a sheoladh go hoifigiúil ar fud trí shuíomh i bhFine Gall i gcomhar leis an soláthraí micrea-shoghluaisteachta mór le rá Bleeper, comhpháirtí taighde Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhpháirtí nuálaíochta Dogpatch Labs agus comhpháirtí cómhaoinithe Interreg North-West Europe.