Is é teachtaireacht na Comhairle Oidhreachta an doras a oscailt don oidhreacht de réir mar a sheoltar Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2021. Tugtar cuireadh do ghrúpaí cultúir agus oidhreachta, chomh maith le pobail, teaghlaigh agus daoine aonair i bhFine Gall a bheith páirteach agus oidhreacht a cheiliúradh agus a roinnt. Beidh Seachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl ó Dé Sathairn, 14 go dtí an Domhnach, 22 Lúnasa, agus tá sé anois ar cheann de na himeachtaí oidhreachta cultúrtha is mó in Éirinn.