D’oscail Méara Fhine Gall Howard Mahony gairdín nua an phobail i mBaile Bhlainséir, Dé Céadaoin an 17 Bealtaine 2023. Cuirfidh gairdín ‘GLAS @ TU Dublin’ spás ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla agus do scoileanna chun táirgí úra a fhás, chun athcheangail a dhéanamh leis an dúlra, agus chun spiorad níos láidre an phobail a chothú.