News

in
in
15 Mar 2021
St. Patrick's Day

Rogha Eile Chomhairle Contae Fhine Gall ar Cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís ina ndéanaimid ceiliúradh bródúil ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann agus a dhéantar blaincéad fíorga glas a leathadh ar fud na cruinne. Cé go bhféadfadh Lá Fhéile Pádraig 2021 a bheith an-éagsúil ó na féilte a cuireadh ar bun i bhFine Gall i mblianta roimhe seo, is iontach an deis é chun sárthaispeántas a dhéanamh dár gceiliúradh eile a mhúsclóidh ár samhlaíocht agus a dhéanfaidh bhur gcruthaitheacht a spreagadh.

12 Mar 2021

Scéim Cúnaimh do Ghnóanna Beaga do Covid [SBASC] oscailte d’iarratais

Tá gnóanna i bhFine Gall á spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi scéim cúnaimh nua a sheol an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.  Tá sé i gceist ag an Scéim Cúnaimh do Ghnóanna Beaga do COVID (SBASC) díriú ar na gnóanna sin a bhfuil costais oibriúcháin acu nach gcáilíonn don Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) a fheidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim.

12 Mar 2021
Heritage

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2021

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail don chéad uair i 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann agus tá Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2021 oscailte d'iarratais anois.  Tugtar tosaíocht do chuid don mhaoiniú seo d’údaráis áitiúla, úinéirí príobháideacha agus coimeádaithe agus grúpaí pobail do chúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomhathaí seandálaíochta.